Imscrúdaíonn OLAF calaois i gcoinne bhuiséad an Aontais Eorpaigh, éilliú agus mí iompar tromchúiseach laistigh d'institiúidí AE, agus forbraíonn sé beartais frithchalaoise don Choimisiún Eorpach.
Ceannlíne

- News type
- OLAF news article

- News type
- OLAF press release

- News type
- OLAF press release

- News type
- OLAF press release

Ní thairgeann OLAF aistrithe airgid chuig saoránaigh riamh ná ní iarrann sé aistrithe airgid ar shaoránaigh riamh Bí ar an airdeall faoi ríomhphoist agus glaonna gutháin bréige ó dhaoine a mhaíonn gur le OLAF a bhaineann siad, chun a thairiscint go bhfaighidh siad do chuid airgid ar ais nó chun iarraidh ort airgead a aistriú nó do shonraí pearsanta a nochtadh.
Sa spotsolas

Le Clár Frithchalaoise an Aontais Eorpaigh, déantar gníomhaíochtaí a mhaoiniú a bhfuil sé d’aidhm acu cosc a chur ar chalaois, ar éilliú agus ar ghníomhaíochtaí eile mídhleathacha a dhéanann difear do leas airgeadais an Aontais Eorpaigh. Ar na gníomhaíochtaí ar féidir maoiniú a iarraidh ina leith tá tacaíocht theicniúil agus oibríochtúil d'imscrúduithe, sainchúrsaí oiliúna, agus taighde. Cuirtear an maoiniú ar fáil trí dheontais agus conarthaí.

Gach bliain foilsítear tuarascálacha bliantúla ar na gníomhaíochtaí a rinneadh an bhliain roimhe sin chun cur in aghaidh calaois a dhéanann difear do chistí an Aontais. Clúdaítear iontu idir ghníomhaíochtaí agus fheidhmíocht ar leibhéal OLAF (Tuarascáil OLAF) agus ar leibhéal thíortha an Aontais (Tuarascáil PIF).

Trí tharraingt ar a cuid eolais agus taithí, cuidíonn OLAF leis na húdaráis atá freagrach as cistí an AE a bhainistiú – laistigh agus lasmuigh den AE – cineálacha, treochtaí, bagairtí agus rioscaí calaoise a thuiscint agus leasanna airgeadais an AE a chosaint trí gach cineál calaoise a chosc.
Tuairiscigh calaois

Tá treoir agus foirmeacha le fáil anseo le calaois a thuairisciú chuig OLAF.
Is féidir dul i dteagmháil linn gan d'ainm a lua.
Is féidir teagmháil a dhéanamh linn i dteanga ar bith de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh.