
PREASEISIÚINT Uimh. 8/2026
PDF version
In 2025, mhol an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) go ndéanfaí aisghabháil ar bheagnach €600 milliún de chistí an Aontais as ar baineadh mí-úsáid, de réir a tuarascála bliantúla a eisíodh inniu. Anuas air sin, mar thoradh ar imscrúduithe a rinne OLAF cuireadh cosc ar €18 milliún a bheith caite gan ghá, rud a neartaigh ról OLAF mar phríomhchaomhnóir ar bhuiséad an Aontais. I gcaitheamh na bliana, dhún OLAF 209 n‑imscrúdú san iomlán, agus d’oscail sé 254 imscrúdú nua san am céanna.
Sa tuarascáil bhliantúil cuirtear i dtábhacht torthaí OLAF agus sonraítear inti a ghealltanas leanúnach leasanna airgeadais an Aontais a chosaint. Go sonrach, i dtuarascáil na bliana seo tugadh isteach dhá bheart nuálacha mhóra: Cuireann OLAF gníomhaíochtaí molta i dtoll a chéile do pháirtithe leasmhara ábhartha, rud atá ceaptha chun cur chuige níos éifeachtaí agus níos comhordaithe a chothú i leith calaois agus neamhrialtachtaí a chosc. Tugtar miondealú mionsonraithe sa tuarascáil freisin ar mhéid na gcistí a chuidigh OLAF a aisghabháil do bhuiséad an Aontais le deich mbliana anuas.
‘In 2025, lean OLAF de ról lárnach a bheith aige maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint. Tá ár dtorthaí cobhsaí i gcónaí. Cheana féin le deich mbliana anuas, tá OLAF tar éis cuidiú le tuairim is €6.8 billiún a aisghabháil nó a chosaint. Níl iontu sin ach figiúirí amháin. Úsáideadh na cistí sin le scoileanna a thógáil, tionscadail taighde a mhaoiniú, agus teorainneacha a chosaint. Ní obair theibí í obair OLAF, ná ní obair í a dhéantar in imigéin. Tacaíonn sí go díreach leis na Ballstáit agus téann sé chun tairbhe do na saoránaigh,’ a dúirt Petr Klement, Ard-Stiúrthóir OLAF.
Príomhfhigiúirí ó Thuarascáil OLAF 2025:
- moladh €597 milliún a aisghabháil lena chur ar ais isteach i mbuiséad an Aontais
- cuireadh cosc ar shuim €18 milliún ó bhuiséad an Aontais a bheith á caitheamh go míchuí
- dúnadh 209 n‑imscrúdú, agus eisíodh moltaí maidir le hobair leantach d’údaráis náisiúnta agus d’údaráis an Aontais
- osclaíodh 254 imscrúdú nua, tar éis réamhanailísí a rinne saineolaithe OLAF
- tugadh 1,142 roghnúchán i gcrích
- Le deich mbliana anuas, mar thoradh ar na himscrúduithe a rinne OLAF aisghabhadh €6.8 billiún lena chur ar ais isteach i mbuiséad an Aontais agus cuireadh cosc ar shuim €873 mhilliún a bheith á caitheamh go míchuí.
Rinne OLAF obair i réimsí éagsúla in 2025, ina measc neamhrialtachtaí casta airgeadais, trádáil neamhdhleathach trasteorann, sáruithe custaim, agus calaois chomhshaoil. Bhain cásanna na bliana seo caite le fiosrúcháin i dtaobh coinbhleachtaí leasa, cúbláil soláthair, agus costais arda. Lean OLAF d’imscrúdú a dhéanamh freisin ar imchéimniú smachtbhannaí an Aontais in aghaidh na Rúise agus na Bealarúise agus thug sé tacaíocht d’údaráis chustaim agus forfheidhmithe dlí na hÚcráine.
‘Ní mór d’institiúidí an Aontais an trédhearcacht a ghlacadh chucu féin’
‘Ní mór d’institiúidí an Aontais an trédhearcacht a ghlacadh chucu féin,’ a chuir an tArd-Stiúrthóir Klement i dtábhacht. Tá imscrúduithe inmheánacha OLAF fós ina gcuid fhíor-thábhachtach de chreat cuntasachta an Aontais, lena gcinntítear go gcomhlíonann comhaltaí agus foireann na n‑institiúidí na caighdeáin is airde maidir le hiompar gairmiúil agus ionracas airgeadais.
In 2025, bhí imscrúduithe OLAF fós dírithe ar chásanna casta íogaire, ina measc cásanna a raibh oifigigh ardleibhéil páirteach iontu agus a d’fhéadfadh damáiste a dhéanamh do chlú an Aontais. ‘Má tá OLAF leis an gcúram sin a chomhlíonadh níl déanamh d’uireasa neamhspleáchais, rochtain ar fhaisnéis ábhartha agus an chumais seiceálacha ar an láthair a dhéanamh,’ a dúirt sé freisin.
An bealach chun cinn i réimse na frithchalaoise
Aithnítear sa tuarascáil freisin an tábhacht a bhaineann leis an athbhreithniú atá fós á dhéanamh ar an Ollstruchtúr Frithchalaoise Eorpach, athbhreithniú arb é is aidhm dó feabhas a chur ar chomhordú, ar éifeachtúlacht agus ar chosaint fhoriomlán bhuiséad an Aontais in aghaidh na calaoise agus neamhrialtachtaí. Tá OLAF rannpháirteach go gníomhach sa phróiseas sin, agus é ag obair lena chomhpháirtithe, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, Europol agus Eurojust, mar shampla, chun iarrachtaí frithchalaoise an Aontais a neartú. An obair a dhéanann OLAF i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta agus le comhpháirtithe eile, tá sí fós ríthábhachtach chun go mbeidh rath ar OLAF.
D’ainneoin timpeallacht atá ag éirí níos casta, tá torthaí OLAF fós cobhsaí, agus leanann an oifig de bheith chun tosaigh i ndomhan ina mbíonn calaoiseoirí ag obair go síoraí ar bhealaí nua chun teacht timpeall ar na rialacha atá ann cheana. Agus tá sé sin ag titim amach tráth atá dúshláin roimh OLAF, ganntanas acmhainní daonna ina measc. Tá 110 bpost bhuana caillte ag an oifig le 15 bliana anuas, rud a chuireann brú ar an eagraíocht a cuid cúraimí a chur i gcrích go héifeachtach.
‘Tá acmhainní leordhóthanacha de dhíth orainn chun go leanfaimid dár sainordú a chur i gcrích i gceart,’ a dúirt an tArd-Stiúrthóir Klement. ‘In aghaidh gach euro a infheistíodh in OLAF, aisghabhadh os cionn naoi n‑oiread an mhéid sin do bhuiséad an Aontais, a bhuí le tiomantas ár bhfoirne, arb iad a saineolas agus a n‑ionracas cnámh droma na hoifige seo.’
Misean, sainordú agus inniúlachtaí OLAF:
Is é misean OLAF éagóiritheoireachtaí a bhaineann le cistí an Aontais a bhrath, a imscrúdú agus a stopadh.
Cuireann OLAF a mhisean i gcrích trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- imscrúduithe neamhspleácha a dhéanamh ar chalaois agus ar éilliú a bhaineann le cistí an Aontais, chun a chinntiú go gcaitear airgead uile cháiníocóirí an Aontais ar thionscadail lenar féidir poist agus fás a chruthú san Eoraip;
- rannchuidiú le muinín na saoránach as institiúidí an Aontais a neartú trí imscrúdú a dhéanamh ar mhí-iompar tromchúiseach i measc bhaill foirne an Aontais agus comhaltaí d’institiúidí an Aontais;
- beartas fónta frithchalaoise AE a fhorbairt.
Leis an bhfeidhm neamhspleách imscrúdúcháin atá aige, is féidir le OLAF imscrúdú a dhéanamh ar chúrsaí a bhaineann le calaois, éilliú agus cionta eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais agus a bhaineann leis na nithe seo a leanas:
- caiteachas uile an Aontais: is iad seo a leanas na príomhchatagóirí caiteachais: na Cistí Struchtúracha, an beartas talmhaíochta agus cistí forbartha tuaithe, caiteachas díreach agus cabhair sheachtrach;
- réimsí áirithe d’ioncam an Aontais, dleachtanna custaim den chuid is mó;
- amhras faoi mhí-iompar tromchúiseach i measc bhaill foirne an Aontais agus comhaltaí d’institiúidí an Aontais.
Nuair a bheidh imscrúdú OLAF curtha i gcrích aige, is faoi na húdaráis inniúla AE agus náisiúnta a bheidh sé scrúdú a dhéanamh ar an obair leantach a rinneadh ar mholtaí OLAF agus cinntí a dhéanamh faoin obair sin. Glacfar leis go bhfuil gach duine lena mbaineann neamhchiontach go dtí go gcruthófar i gcúirt dlí inniúil náisiúnta nó i gcúirt dlí inniúil de chuid an Aontais go bhfuil sé ciontach.
Tuilleadh sonraí:
Pierluigi CATERINO
Urlabhraí
An Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF)
Guthán: +32 2 29 52335
Ríomhphost: olaf-media
ec [dot] europa [dot] eu (olaf-media[at]ec[dot]europa[dot]eu)
https://anti-fraud.ec.europa.eu/index_ga
LinkedIn: European Anti-Fraud Office (OLAF)
X: x.com/EUAntiFraud
Bluesky: euantifraud.bsky.social
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 20 Aibreán 2026
- Údar
- An Oifig Eorpach Frith-Chalaoise
- News type
- OLAF press release