Tríd an bhfoirm ag bun an leathanaigh seo, iarrtar ort ceisteanna ginearálta a chur isteach maidir leis an obair a dhéanann OLAF, a mhisean, a bheartais, etc. Ná tabhair sonraí pearsanta ná eolas íogair i do theachtaireacht.
Ní bhaineann an fhoirm leis an ábhar seo a leanas. Lean an treoraíocht:
Rinneadh cibearchoireacht ort
Ní dhéanann OLAF imscrúdú ar chalaois a bhaineann le híocaíochtaí ar líne, le suíomhanna ríomhthráchtála bréige ná le camscéim airgeadraí fíorúla. Má rinneadh cibearchoireacht ort, mínítear ar an leathanach gréasáin seo de chuid Europol conas í sin a thuairisciú.
Ina theannta sin, ní thairgeann OLAF aistrithe airgid chuig saoránaigh riamh ná ní iarrann sé aistrithe airgid ar shaoránaigh riamh.
Is mian leat líomhain calaoise a thuairisciú do OLAF
Ná cuirtear líomhaintí calaoise isteach tríd an bhfoirm seo. Más mian leat calaois a thuairisciú, téigh chuig an leathanach ‘Tuairiscigh calaois’.
Ba mhaith leat a fháil amach cad a tharla don líomhain calaoise a sheol tú chuig OLAF
- Tá líomhain seolta agat chuig OLAF – Faigh amach cad a tharlóidh anois
- An méid ar féidir leat a bheith ag súil leis má thionscnaíonn OLAF imscrúdú i dtaobh na líomhna atá déanta agat