Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
European Anti-Fraud Office
Calaois a thuairisciú

Calaois a thuairisciú

Ar an leathanach seo tá gach eolas ábhartha agus na foirmeacha chun calaois a thuairisciú do OLAF.

Cad is calaois ann?

Calaois, sin dallamullóg a chur d'aonghnó ar dhuine le tairbhe phearsanta a fháil nó caillteanas a chur ar an duine sin. (Féach tuilleadh in Airteagal 3(2) de Threoir (AE) 2017/1371.)

Mírialtacht, sin beart nach gcloíonn le rialacha an Aontais agus ar dócha go mbeadh tionchar diúltach aige ar leasanna airgeadais an Aontais, ach a d'fhéadfadh a bheith ina thoradh ar fhíor-earráidí a dhéanann tairbhithe a éilíonn cistí agus na húdaráis atá freagrach as na híocaíochtaí. Ach más d'aonghnó a dhéantar mírialtacht, ámh, is calaois ansin í. (Féach tuilleadh in Airteagal 1 de Rialachán 2988/95 ón gComhairle)

    Conas tuairisciú do OLAF

    Is féidir dul i dteagmháil linn gan d'ainm a lua. Níl aon fhoirmeáltachtaí ann. Ach déan iarracht a bheith chomh cruinn, mionsonraithe agus is féidir sa tuairisc agus seol doiciméid chugainn má bhíonn siad ar fáil. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le OLAF in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais.

    Is féidir tuairisciú mar a leanas:

    Ar líne tríd an gCóras Fógartha Calaoise (gan do shonraí pearsanta a lua, trí tharchur slán doiciméad ) 
     
    Téigh chuig an gCóras Fógartha Calaoise

    Tuilleadh eolais faoin gCóras Fógartha Calaoise

    Déan tuairisciú tríd an bpost

    An Coimisiún Eorpach
    An Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF)
    1049 An Bhruiséil
    An Bheilg

    Caitheann OLAF le sonraí pearsanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725. Cuirfimid eolas ábhartha i dtaca le cosaint sonraí ar fáil duit nuair a líonfaidh tú an fhoirm ghréasáin nó nuair a sheolfaidh tú faisnéis chugainn.
    Gheobhaidh tú eolas ginearálta maidir le cosaint sonraí ar an gcuid sin den suíomh seo dar teideal Cosaint sonraí.

    Is féidir le OLAF na líomhaintí seo a leanas a imscrúdú:

    • calaois nó mírialtachtaí tromchúiseacha eile a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith acu ar chistí poiblí an Aontais, bídís ina n-ioncam nó ina gcaiteachas de chuid an Aontais nó ina sócmhainní atá i seilbh institiúidí an Aontais.
    • mí-iompraíocht thromchúiseach bhaill nó fhoireann institiúidí nó comhlachtaí an Aontais.

    Ní féidir le OLAF na líomhaintí seo a leanas a imscrúdú:

    • calaois nach bhfuil aon tionchar airgeadais aici ar chistí poiblí an Aontais. Déan a leithéidí sin de líomhaintí a thuairisciú do na húdaráis náisiúnta inniúla.
    • éilliú nach mbaineann le baill ná le foireann institiúidí agus comhlachtaí an Aontais. Déan a leithéidí sin de líomhaintí a thuairisciú do na húdaráis náisiúnta inniúla.
    • an chibearchoireacht, cuir i gcás calaois i dtaca le híocaíochtaí ar líne, suíomhanna gréasáin ríomhthráchtála bréagacha nó camscéim airgeadraí fíorúla. Más íospartach na cibearchoireachta thú, mínítear ar an leathanach gréasáin seo de chuid Europol conas é sin a thuairisciú.  
    • úsáid chalaoiseach lógó an Aontais nó ainm institiúide de chuid an Aontais.

    Tá líomhain seolta agam chuig OLAF – Céard a tharlóidh anois?

    Tar éis duit líomhain a chur faoi bhráid OLAF, gheobhaidh tú admháil fála ar do theachtaireacht má thug tú seoladh fillte dúinn.
    Déanfaidh OLAF anailís ar an líomhain chun rudaí áirithe a sheiceáil, mar shampla:

    • an bhfuil an fhaisnéis laistigh de raon feidhme OLAF nó nach bhfuil (féach barr an leathanaigh seo)
    • an leor an fhaisnéis chun imscrúdú nó cás comhordúcháin de chuid OLAF a thionscnamh nó nach leor

    Má chuir tú in iúl leis an gCóras Fógartha Calaoise go bhfuil tú toilteanach postbhosca sábháilte a chruthú, tá seans ann go rachadh OLAF i dteagmháil leat chun soiléiriú a fháil agus/nó chun tuilleadh faisnéise a iarraidh.

    Nuair a bheidh an chéad mheasúnú sin déanta (dá ngairtear ''an nós imeachta roghnúcháin''), cinnfidh Ard-Stiúrthóir OLAF imscrúdú a thionscnamh nó a mhalairt. Má chinntear nach sásaíonn an t ábhar a tharraing tú anuas na critéir chun imscrúdú a thionscnamh, díbhfear an líomhain. Má tharlaíonn sin, is féidir go gcuirfidh OLAF ar an eolas thú, ach ní dhéantar a leithéid go córasach.

    Céard leis a dtig liom a bheith ag súil má thionscnaíonn OLAF imscrúdú i dtaobh na líomhna atá déanta agam?

    Má chinneann OLAF imscrúdú nó cás comhordúcháin a thionscnamh, is féidir go rachadh an t imscrúdaitheoir i dteagmháil leat ar lorg tuilleadh faisnéise. Tabhair seo do d'aire: mura rachaidh an t imscrúdaitheoir i dteagmháil go díreach leat, ní bheidh aon chumarsáid ag OLAF leat agus an t imscrúdú ar siúl. Níl aon amlíne ar leith leagtha síos maidir leis an uair a rachaidh an t imscrúdaitheoir i dteagmháil leat, rud a fhágann go bhféadfaí teagmháil a dhéanamh leat láithreach nó nach dtarlódh sin go ceann cúpla mí. Ar mhaithe le rúndacht an phróisis imscrúdúcháin a chosaint, ní chuirfidh OLAF tuairisc ar ''stádas'' an imscrúdaithe ar fáil duit ar chúinse ar bith.

    Nuair a bheidh an t imscrúdú críochnaithe, is féidir le OLAF tú a chur ar an eolas i dtaobh aon ghníomh a rinneadh (má thug tú seoladh teagmhála dúinn).

    Oibleagáid ar bhaill foirne an Aontais calaois a thuairisciú

    Más ball foirne d'aon cheann d'institiúidí an Aontais Eorpaigh thú, tá sé de dhualgas ort tuairisciú a dhéanamh ar chásanna féideartha de chalaois, éilliú, gníomhaíocht neamhdhleathach eile, nó iompar gairmiúil a d'fhéadfadh a bheith ina shárú ar na hoibleagáidí a mbíonnn ar bhaill foirne institiúidí an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh.

    Tig leat an drochamhras atá agat ar dhuine a chur in iúl do dhuine den lucht bainistíochta san institiúid ina bhfuil tú ag obair nó do OLAF féin. Más mian leat tuairisciú do OLAF féin go díreach lean na céimeanna atá leagtha amach thuas faoin gceannteideal Conas tuairisciú do OLAF.

    Chun eolas breise a fháil faoi chearta agus oibleagáidí sceithirí laistigh d'Institiúidí an Aontais, féach Airteagal 22a agus Airteagal 22b de na Rialacháin Foirne.