Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
European Anti-Fraud Office
Calaois a thuairisciú

Stair

OLAF a thugtar ar an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise, óna ainm Fraincise: Office de Lutte Anti-Fraude.

2021 Cuireadh tús le hoibríochtaí Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) an 1 Meitheamh. Is í OIPE oifig nua ionchúisimh phoiblí neamhspleách an Aontais Eorpaigh. Comhoibríonn OLAF go frithpháirteach le OIPE trí eolas, anailís, saineolas agus tacaíocht oibríochtúil a chur ar fáil.
2020

I mí na Nollag, glacadh Rialachán 883/2013 arna athbhreithniú (Rialachán OLAF, mar a thugtar air). Leagtar amach sa Rialachán an chaoi a bhfeidhmeoidh OLAF i gcomhlántacht leis na hionchúisitheoirí in Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) chun a chinntiú go dtugtar cosaint cheart do mhaoiniú an Aontais.

I mí an Mheithimh, rinneadh atheagrúchán nach beag ar OLAF. Is iad seo a leanas buntáistí struchtúr nua inmheánach na heagraíochta: 

  • nascann sé an t-eolas atá ag OLAF i dtaca le straitéis frithchalaoise leis an bhfaisnéis a bhailíonn sé lena chuid imscrúduithe agus oibríochtaí;
  • éascaíonn sé solúbthacht agus tugann sé tosaíocht leordhóthanach d’imscrúduithe agus tascanna straitéiseacha;
  • neartaíonn sé an caidreamh le páirtithe leasmhara, cumarsáid agus gníomhaíochtaí for-rochtana;
  • daingníonn sé an ról straitéiseach a bhaineann le hanailís a dhéanamh ar shonraí agus ar fhaisnéis in OLAF;
  • féadfar é a chur in oiriúint do ghníomhaíochtaí OIPE in am trátha.
2019 I mí Aibreáin, ghlac an Coimisiún an Straitéis nua Frith-Chalaoise lena bhféachtar le tuilleadh feabhais a chur ar chalaois a bhrath, a chosc agus pionós a ghearradh uirthi. Leis an Straitéis nua, éilítear níos mó comhsheasmhachta agus comhordú níos fearr sa chomhrac in aghaidh na calaoise i measc Ard-Stiúrthóireachtaí éagsúla an Choimisiúin. Féachtar freisin le formhaoirseacht chorparáideach an Choimisiúin a dhaingniú i dtaca le saincheisteanna calaoise trí ról comhairleach agus maoirseachta atá i bhfad níos láidre a thabhairt don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF). 

2018

Ceapadh Ville Itälä ina Ard-Stiúrthóir ar OLAF.
2017

I mí na Samhna, ghlac an tAontas Rialachán (AE) 2017/1939 chun Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) a bhunú, oifig ionchúisithe neamhspleách dhíláraithe de chuid an Aontais Eorpaigh, a bhfuil an inniúlacht aici coireanna in aghaidh bhuiséad an Aontais a imscrúdú, a ionchúiseamh agus breithiúnas a thabhairt orthu. Bunaítear leis an Oifig sin córas inniúlachtaí comhroinnte idir OIPE agus na húdaráis náisiúnta chun dul i ngleic le cásanna den sórt sin.

I mí Iúil, ghlac an tAontas an Treoir maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (“Treoir CLA”). Tá sé mar aidhm aici córas atá níos láidre agus níos comhchuibhithe a chruthú, leis an líon is lú rialacha coiteanna agus is féidir, chun an choireacht a chomhrac a dhéanann difear do bhuiséad an Aontais. Is féidir cosaint níos fearr a thabhairt do leasanna airgeadais an Aontais agus airgead na gcáiníocóirí ar fud an Aontais ach an dlí coiriúil a chur chun feidhme.

2015

Tar éis an athstruchtúraithe eagraíochtúil a rinne Coimisiún Juncker, leagadh an fhreagracht a bhíodh ar OLAF as cosaint an Euro ar Ard-Stiúrthóireacht Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an Choimisiúin Eorpaigh (AS ECFIN).

2013

An 1 Deireadh Fómhair 2013, tháinig Rialachán Uimh. 883/2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag OLAF i bhfeidhm. Tugadh isteach athruithe móra leis an Rialachán sin maidir le hobair OLAF agus maidir lena chaidreamh le geallsealbhóirí éagsúla. Leis an Rialachán sin, sainíodh a thuilleadh cearta na ndaoine lena mbaineann, tugadh isteach malartú bliantúil tuairimí idir OLAF agus institiúidí an Aontais Eorpaigh, agus éilíodh go n-ainmneodh gach Ballstát Seirbhís Comhordúcháin Frith-Chalaoise.
 
Eisíodh Treoirlínte maidir leis na Nósanna Imeachta Cigireachta

2012

An 1 Feabhra 2012, tugadh isteach athruithe móra maidir le heagrú inmheánach agus le nósanna imeachta imscrúdúcháin OLAF a raibh sé mar aidhm acu, den chuid ba mhó, feidhmeanna imscrúdúcháin OLAF a threisiú agus rannpháirtíocht OLAF i dtaca le beartais frith-chalaoise a neartú.

2011

Glacadh straitéis nua de chuid an Choimisiúin Eorpaigh

Ceapadh Giovanni Kessler ina Ard-Stiúrthóir ar OLAF.

2010

Sheol OLAF uirlis nua ghréasáin, an Córas um Fhógra Calaoise (CFC) lenar féidir le saoránaigh eolas a thabhairt maidir le héilliú agus le calaois fhéideartha ar líne.

2006

Ba í 2006 an chéad bhliain arbh ionann líon na n-imscrúduithe a rinne OLAF ar a chonlán féin agus a líon sin a bhfuair sé cúnamh leo ó údaráis na mBallstát.

Rinneadh atheagar mór inmheánach ar OLAF agus é mar aidhm aige níos mó béime a leagan ar chúraimí oibríochtúla OLAF, an chumarsáid a fheabhsú laistigh d’oifig OLAF, agus an bainistiú a neartú.

2004

Bhunaigh an Comhphobal Eorpach clár darb ainm Clár Hercule chun gníomhaíochtaí a bhaineann le cosaint a chuid leasanna airgeadais a chur chun cinn.

2000

Is é Franz-Hermann Brüner, duine de bhunaitheoirí OLAF, a ceapadh ina Ard-Stiúrthóir.

1999

Tar éis na n-imeachtaí a thug ar Choimisiún Santer éirí as, ceapadh moltaí maidir le comhlacht nua frithchalaoise (OLAF) a bhunú ag a mbeadh cumhachtaí níos tréine. Ba é toradh na moltaí sin:

1995

Tugadh d’údarás d’OLAF imscrúduithe a sheoladh ar a chonlán féin, ar bhonn eolais ó fhoinsí éagsúla. Cuireadh ceangal ar ranna uile an Choimisiúin UCLAF a chur an eolas faoi aon drochamhras ar chalaois laistigh dá limistéir freagrachta.

1993

Tháinig méadú de réir a chéile ar chumhachtaí OLAF de bharr na moltaí a rinne Parlaimint na hEorpa.

1988

Cruthaíodh Tascfhórsa maidir le hAonad Comhordúcháin Frith-Chalaoise (UCLAF) mar chuid de Rúnaíocht Ghinearálta an Choimisiúin Eorpaigh. Bhíodh UCLAF ag obair i gcomhar le ranna náisiúnta frithchalaoise agus thugadh sé an comhordú is an chabhair ba ghá le tabhairt faoi chalaois eagraithe thrasnáisiúnta.