Imscrúdaíonn OLAF calaois i gcoinne bhuiséad an Aontais Eorpaigh, éilliú agus mí iompar tromchúiseach laistigh d'institiúidí AE, agus forbraíonn sé beartais frithchalaoise don Choimisiún Eorpach.
Ceannlíne
- News type
- OLAF news article

- News type
- OLAF press release

- News type
- OLAF press release

- News type
- OLAF news article
Ní thairgeann OLAF aistrithe airgid chuig saoránaigh riamh ná ní iarrann sé aistrithe airgid ar shaoránaigh riamh Bí ar an airdeall faoi ríomhphoist agus glaonna gutháin bréige ó dhaoine a mhaíonn gur le OLAF a bhaineann siad, chun a thairiscint go bhfaighidh siad do chuid airgid ar ais nó chun iarraidh ort airgead a aistriú nó do shonraí pearsanta a nochtadh.

Sa spotsolas

Le Clár Frithchalaoise an Aontais Eorpaigh, déantar gníomhaíochtaí a mhaoiniú a bhfuil sé d’aidhm acu cosc a chur ar chalaois, ar éilliú agus ar ghníomhaíochtaí eile mídhleathacha a dhéanann difear do leas airgeadais an Aontais Eorpaigh. Ar na gníomhaíochtaí ar féidir maoiniú a iarraidh ina leith tá tacaíocht theicniúil agus oibríochtúil d'imscrúduithe, sainchúrsaí oiliúna, agus taighde. Cuirtear an maoiniú ar fáil trí dheontais agus conarthaí.

Gach bliain foilsítear tuarascálacha bliantúla ar na gníomhaíochtaí a rinneadh an bhliain roimhe sin chun cur in aghaidh calaois a dhéanann difear do chistí an Aontais. Clúdaítear iontu idir ghníomhaíochtaí agus fheidhmíocht ar leibhéal OLAF (Tuarascáil OLAF) agus ar leibhéal thíortha an Aontais (Tuarascáil PIF).

Faigh tuilleadh eolais faoinár ngníomhaíochtaí comhair le Ballstáit an Aontais agus féach leat príomhshonraí frithchalaoise i leith gach tíre.
Tuairiscigh calaois
Tá treoir agus foirmeacha le fáil anseo le calaois a thuairisciú chuig OLAF.
Is féidir dul i dteagmháil linn gan d'ainm a lua.
Is féidir teagmháil a dhéanamh linn i dteanga ar bith de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

