Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó
European Anti-Fraud Office
Calaois a thuairisciú

Cúlra dlíthiúil

Is é Airteagal 325 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (a chuaigh in ionad Airteagal 280 de Chonradh CE) an bunús dlí leis an gcomhrac i gcoinne na calaoise.

1. Bunú OLAF

Leasuithe:

2. Ról OLAF – imscrúduithe riaracháin agus comhoibriú le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) 

Sna rialacháin agus comhaontuithe seo a leanas, sainmhínítear príomhról agus cúraimí na hOifige chun a cuid imscrúduithe riaracháin a chur i gcrích. Déanann OLAF imscrúduithe (maidir le leasanna airgeadais de chuid an Aontais Eorpaigh) sna Ballstáit agus imscrúduithe i ndáil le foireann institiúidí an Aontais Eorpaigh.

Foráiltear leis na leasuithe is déanaí do dhlúthchomhar le OIPE bunaithe ar chomhlántacht, ar mhalartú faisnéise agus ar neamhdhúbláil iarrachtaí. Ina theannta sin, treisíonn an Rialachán athbhreithnithe OLAF an chaoi ar féidir le OLAF a chuid imscrúduithe féin a dhéanamh trí rialacha cuíchóirithe maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, trí rialacha a chur ar fáil maidir le rochtain ar fhaisnéis cuntas bainc agus trí ráthaíochtaí níos láidre a chinntiú do dhaoine lena mbaineann imscrúduithe OLAF.

3. Reachtaíocht chothrománach de chuid an Aontais um sheiceálacha/iniúchtaí ar an láthair sna Ballstáit

4. Reachtaíocht earnálacha de chuid an Aontais Eorpaigh

 Tá forálacha maidir le neamhrialtachtaí a chosc agus a bhrath sna rialacháin seo a leanas:

5. Fógra a thabhairt faoi neamhrialtachtaí

Réimsí beartais:

An Ciste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta agus an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe

- Don Chlárthréimhse 2021-2027:

- Don Chlárthréimhse 2014-2020:

- Don Chlárthréimhse 2007-2013:

Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh

- Don Chlárthréimhse 2021-2027:

- Don Chlárthréimhse 2014-2021:

- Don Chlárthréimhse 2007-2013 (Cistí Struchtúracha agus an Ciste Comhtháthaithe):

An Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí

- Don Chlárthréimhse 2021-2027:

- Don Chlárthréimhse 2014-2020:

Cistí Gnóthaí Baile

- Don Chlárthréimhse 2021-2027 (an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí, an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí):

- Don Chlárthréimhse 2014-2020 (an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht ghéarchéime):

- Don Chlárthréimse 2007-2013 (an Ciste Eorpach um Dhídeanaithe, an Ciste um Theorainneacha Seachtracha, an Ciste Eorpach um Fhilleadh agus an Ciste Eorpach chun náisiúnaigh tríú tíortha a Lánpháirtiú):

An Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA)

- Don Chlárthréimhse 2021-2027 IPA III:

- Don Chlárthréimhse 2014-2020 IPA II:

- Don Chlárthréimhse 2007-2013 IPA I:

An Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú 

- Don Chlárthréimhse 2021-2027:

- Don Chlárthréimhse 2014-2020:

6. Comhchuibhiú dhlí coiriúil an Aontais Eorpaigh

Coinbhinsiúin maidir le comhchuibhiú dhlí coiriúil an Aontais Eorpaigh

  • Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint: Coinbhinsiún AE an 26 Iúil 1995 agus na trí phrótacal a ghabhann leis (‘Coinbhinsiún PIF agus na prótacail a ghabhann leis’):

1) An 1ú Prótacal
2) An 2ú Prótacal agus a thuarascáil mhínitheach
3) Prótacal maidir le hinniúlacht na Cúirte Breithiúnais

Tuarascálacha ón gCoimisiún maidir leis an tslí ar chuir na Ballstáit Coinbhinsiún an Aontais Eorpaigh an 26 Iúil 1995 agus a phrótacail ghaolmhara chun feidhme:

a) Tuarascáil 2004 agus an iarscríbhinn
b) Tuarascáil 2008 agus an iarscríbhinn

Tabhair faoi deara: i gcás na mBallstát uile, ach amháin an Danmhairg, gabhfaidh treoir PIF ionad Choinbhinsiún PIF (féach thíos). Leanfaidh d’fheidhm a bheith ag Coinbhinsiún PIF maidir leis an Danmhairg, agus maidir léi sin amháin. Ní mór Treoir PIF a chur chun feidhme faoi mhí Iúil 2019.

An Treoir maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (‘Treoir PIF’)

Na Ballstáit a bhfuil an Treoir ina ceangal orthu (is é sin na Ballstáit uile ach amháin an Danmhairg), tá dhá bhliain acu (go dtí Iúil 2019) chun é a thrasuí. Ina dhiaidh sin, gabhfaidh an Treoir ionad Choinbhinsiún PIF agus a phrótacal i gcás na mBallstát sin a bhfuil sí ina ceangal orthu, ach i gcás na Danmhairge, leanfaidh d’fheidhm a bheith ag Coinbhinsiún PIF.

7. Socruithe Oibre

8. Comhaontuithe le tríú páirtithe

Comhaontuithe le tríú páirtithe ina bhfuil forálacha maidir le cúnamh frithpháirteach riaracháin in ábhair a bhaineann le custaim

9. Bearta frith-chalaoise custaim i gcomhaontuithe idirnáisiúnta

Tugann an tAontas cóir fhabhrach áirithe d’earraí de thionscnamh tíortha comhpháirtíochta nach bhfuil san Aontas faoi chuimsiú comhaontuithe trádála nó comhair leis na tíortha sin.

Tá cóir fhabhrach den sórt sin coinníollach ar bhearta frith-chalaoise custaim iomchuí agus in-fhorfheidhmithe, mar a leagtar amach i ndoiciméid bheartais éagsúla a ghlac an Coimisiún, an Comhairle, Parlaimint na hEorpa agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

Sna himthosca eisceachtúla seo a leanas, is féidir cóir fhabhrach d’earraí a chur ar fionraí go sealadach faoi ‘clásail frith-chalaoise’ mar a thugtar orthu:

  • sáruithe nó imchéimniú mórscála ar dhlíthe custaim agus ar rialacháin chustaim a bhaineann leis an gcóir fhabhrach,
  • diúltaíonn an tír chomhpháirtíochta arís agus arís eile a hoibleagáidí maidir le comhoibriú chun sáruithe nó imchéimniú ar dhlíthe custaim agus ar rialacháin chustaim a chosc, a bhrath agus a chomhrac, nó mainníonn sí iad a chomhlíonadh.

Bíonn clásail frith-chalaoise ceaptha chun dul i ngleic leis an trádáil aindleathach trí chosc a chur ar mhí-úsáid na rialach maidir le cóir fhabhrach d’earraí. Tacaíonn siad le trádálaithe dlisteanacha trí dheireadh a chur le hiomaíocht mhíchuí éagórach.

Ar feadh níos mó ná 20 bliain, is dlúthchuid de chomhaontuithe an Aontais faoi seach iad clásail frith-chalaoise, agus is féidir teacht orthu in e.g.:

  • córais féinrialaithe, gcuir i gcás Scéim na bhFabhar Ginearálaithe Taraife (GSP),
  • comhaontuithe saorthrádála (CSTanna) an Aontais nó comhaontuithe um chomhpháirtíocht eacnamaíoch (CCEnna) an Aontais.

Tá roinnt coimircí ag gabháil le clásail frith-chalaoise an Aontais, cuir i gcás próiseas comhairliúcháin agus faireacháin, teorainneacha ama, chomh maith le trédhearcacht leis an bpobal gnó chun éifeachtaí díobhálacha ar thrádálaithe dlisteanacha a íoslaghdú. 

Meastar gur beart na rogha deiridh é cóir fhabhrach d’earraí a chur ar fionraí go sealadach, beart a bheidh le cur i bhfeidhm nuair is léir go bhfuil bearta riaracháin eile neamhéifeachtach nó neamhleor chun calaois ar mhórscála a chosc.

Liosta de chlásail frith-chalaoise

10. Cásdlí

Liosta de na rialuithe ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a bhaineann le OLAF