Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
European Anti-Fraud Office
Calaois a thuairisciú

CCanna

Braithim gur úsáideadh airgead AE go calaoiseach. Cad is féidir liom a dhéanamh?

Déan teagmháil le OLAF – fáiltímid roimh eolas ó éinne a mheasann gur bhain calaois nó éilliú le hairgeadas poiblí an AE. Má tá drochamhras ort faoi rud éigin, tig leat calaois a thuairisciú trí na bealaí a liostaítear thíos agus pléifear leis an eolas uait go hiomlán faoi rún. Ní gá go mbaileofá fianaise. Sin é ról OLAF.

Conas dul i dteagmháil le OLAF?

Is féidir leat:

Cé na teangacha is féidir liom a úsáid le OLAF?

Féadfaidh tú cumarsáid a dhéanamh le OLAF in aon cheann de 24 theanga oifigiúil an AE.

An féidir liom calaois a thuairisciú gan m'ainm a thabhairt?

Is féidir. Tig leat calaois a thuairisciú do OLAF faoi rún.
Déanfaidh OLAF a dhícheall le d'iarratas ar rúndacht a urramú.
Ní féidir leis anaithnideacht a ráthú, ámh, tráth a seolfar an cás chuig údaráis náisiúnta nó araíonachta.
Is féidir cosaint ar leith a thabhairt do bhaill foirne AE ar mian leo eolas a thabhairt faoi neamhrialtachtaí ina ranna féin (sceithirí).

Cathain ba cheart dom teagmháil a dhéanamh le OLAF agus cén t-eolas ba cheart dom a thabhairt?

Dá luaithe is ea is fearr. D'fhéadfadh teorainn ama a bheith ar roinnt cásanna agus go gcaillfí eolas ríthábhachtach mura gcuirfí OLAF ar an eolas go pras. Is suim linn cé a chuir drochamhras ort, agus cad a rinne sé nó sí. Má tá aon cháipéisí agat a thacaíonn le do líomhain, m.sh. comhfhreagras nó sonraisc, cuir ar fáil iad, le do thoil.
Ná lig d'easpa fianaise moill a chur ort do chúis imní a thuairisciú. Ar fhoireann OLAF tá foirne saineolaithe atá oilte chun calaois a imscrúdú fiú nuair is beag eolas atá ann. Má tá drochamhras ort faoi chalaois, déan é a thuairisciú.

Agus má thugtar breab d'fheidhmeannach AE?

Déan teagmháil le OLAF má tá drochamhras ort nár leanadh nós imeachta cuí chun conarthaí poiblí a bhronnadh, más cás leat mórbhronntanais a tugadh ar eolas, nó má chreideann tú go bhfuarthas fóirdheontais go mídhleathach nó gur cúigleáladh iad.

Cad atá i gceist le "feidhmeannach AE"?

Feidhmeannaigh de chuid an AE, sin státseirbhísigh (foireann bhuan, gníomhairí sealadacha, gníomhairí áitiúla, agus gníomhairí ar conradh) atá ag obair sna hinstitiúidí seo a leanas:

  • Parlaimint na hEorpa
  • Comhairle an AE
  • An Chomhairle Eorpach
  • An Uachtaránacht
  • An Coimisiún Eorpach
  • An Chúirt Bhreithiúnais
  • Cúirt na nIniúchóirí
  • An Banc Ceannais Eorpach
  • Gníomhaireachtaí an AE
  • Ionadaíochtaí an AE
  • Toscaireachtaí an AE.

NB: Tá OLAF freagrach as imscrúduithe ar chalaois, éilliú agus neamhrialtachtaí airgeadais a dhéanann daoine a oibríonn sna hinstitiúidí sin.

Cé na pionóis is féidir le OLAF a ghearradh?

Is seirbhís riaracháin agus imscrúdaitheach atá in OLAF. Ní féidir leis ach moladh a thabhairt faoin mbeart ba chóir d'údaráis an AE nó d'údaráis náisiúnta a dhéanamh tar éis na n-imscrúduithe.

Pionóis airgeadais: Molann OLAF na cistí mí-úsáidte a fháil ar ais.
Pionóis bhreithiúnacha: Má tá fianaise ann de ghníomh coiriúil a d'fhéadfadh tarlú, seolfaidh OLAF a thuarascáil chuig na húdaráis náisiúnta cuí agus molfaidh sé caingean dlí.
Pionóis araíonachta: Má sháraigh feidhmeannach de chuid an AE rialacha gairmiúla iompraíochta, cuirfear an cás ar aghaidh chuig painéal araíonachta. Tá beartas neamhfhulaingthe i bhfeidhm ag an gCoimisiún Eorpach.
Pionóis riaracháin: Tig le OLAF athruithe a mholadh ar nósanna imeachta a éascaíonn calaois (m.sh. coinníollacha chun freagairt ar ghlaoch ar thograí)

Conas a oibríonnn OLAF le hOifig Imscrúdaithe agus Araíonachta an Choimisiúin (IDOC)?

Tá IDOC agus OLAF ina gcomhlánú ar a chéile: reáchtálann an dá oifig imscrúduithe/fiosruithe inmheánacha neamhspleácha laistigh den Choimisiún. 

  • Pléann OLAF le drochamhrais thromchúiseacha ar mhí-iompraíocht ghairmiúil i ngach institiúid/comhlacht/gníomhaireacht de chuid an AE, lena n-áirítear cásanna a bhfuil tionchar airgeadais acu ar bhuiséad an AE.
  • Pléann IDOC le cásanna eile mí-iompraíchta gairmiúla agus le cásanna eile a mbíonn tionchar acu ar cháil an Choimisiúin laistigh den Choimisiún amháin. Seolann OLAF ar aghaidh chuig IDOC cásanna ar ghá beart araíonachta a dhéanamh ina leith.