Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
European Anti-Fraud Office
Calaois a thuairisciú

An méid a dhéanaimid

Cad é misean OLAF?

Maoiníonn an tAontas Eorpach raon leathan clár agus tionscadal a chuireann le caighdeán maireachtála saoránach ar fud an Aontais Eorpaigh agus lasmuigh de. Is díobháil mhór do shaoránaigh na hEorpa agus baol mór don tionscadal Eorpach ina iomláine aon mhí-úsáid a bhaintear as cistiú a thagann as buiséad an Aontais Eorpaigh nó aon imghabháil a dhéantar ar na cánacha, na dleachtanna nó na tobhaigh a íoctar isteach i mbuiséad an Aontais.

Comhlíonann OLAF a mhisean ar na bealaí seo a leanas:

  • trí imscrúduithe neamhspleácha a dhéanamh ar chalaois agus ar éilliú a bhaineann le cistí an Aontais Eorpaigh, d'fhonn a chinntiú go gcaitear airgead cháiníocóirí an Aontais ar thionscadail atá ceaptha poist agus fás a chruthú san Eoraip;
  • trí chuidiú chun muinín na saoránach in institiúidí an Aontais a neartú trí imscrúduithe a dhéanamh ar mhí-iompar tromchúiseach fhoireann an Aontais agus bhaill na n-institiúidí;
  • beartas fónta frith-chalaoise a cheapadh don Aontas Eorpach.

An méid a bhféadfaidh OLAF imscrúdú a dhéanamh air

Féadfaidh OLAF imscrúduithe a dhéanamh ar chalaois, éilliú agus cionta eile a bhaineann le leasanna airgeadais an Aontais, mar atá:

  • caiteachas uile an Aontais. Is iad seo na príomhchatagóirí caiteachais: cistí struchtúracha, cistí um an mbeartas talmhaíochta agus um fhorbairt tuaithe, caiteachas díreach agus cúnamh seachtrach;
  • réimsí áirithe d'ioncam an Aontais, dleachtanna custaim den chuid is mó;
  • amhras i dtaobh mhí-iompar tromchúiseach fhoireann an Aontais agus bhaill na n-institiúidí.

Saolré imscrúdú de chuid OLAF

Faigheann OLAF eolas faoi chalaoisí agus faoi mhírialtachtaí féideartha ón iliomad foinsí. I bhformhór na gcásanna, is ó sheiceálacha uathusan atá freagrach as cistí an Aontais Eorpaigh a bhainistiú in institiúidí an Aontais nó sna Ballstáit a thagann an t-eolas sin.

Gach líomhain a fhaigheann OLAF, déantar measúnú tosaigh uirthi féachaint an dtagann sí faoi shainchúram na hOifige agus an gcomhlíonann sí na critéir chun imscrúdú a oscailt.

D’fhéadfadh imscrúduithe a bheith i bhfoirm agallamh nó cigireachtaí ar áitribh agus rangaítear iad faoi cheann amháin de na trí chatagóir seo a leanas:

  • Imscrúduithe inmheánacha: Is é sin imscrúduithe riaracháin laistigh d'institiúidí agus de chomhlachtaí an Aontais d'fhonn calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht mhídhleathach eile a bhfuil tionchar aici ar leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a bhrath; nithe tromchúiseacha a bhaineann le dualgais ghairmiúla a chomhlíonadh.
  • Imscrúduithe seachtracha: Is é sin imscrúduithe riaracháin lasmuigh d'institiúidí agus de chomhlachtaí an Aontais d'fhonn calaois nó aon iompar neamhrialta eile ó dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhrath. Rangaítear cásanna mar imscrúduithe seachtracha i gcás gurb é OLAF is mó a dhéanann an t-imscrúdú.
  • Cásanna comhordúcháin: Déanann OLAF a chion le cabhrú le himscrúduithe a dhéanann údaráis náisiúnta nó ranna eile de chuid an Aontais trí bhailiú agus malartú eolais agus teagmhálacha a éascú.

Tar éis imscrúdú a chur i gcrích, molann OLAF beart d'institiúidí an Aontais agus do na húdaráis náisiúnta lena mbaineann: go hiondúil bíonn imscrúduithe coiriúla, aisghabháil airgeadais nó bearta smachta nó riaracháin eile ar áireamh iontu sin. Déanann sí faireachán ansin ar an gcaoi a gcuirtear na moltaí sin chun feidhme. 

Treoirlínte maidir leis na Nósanna Imeachta Imscrúdaithe d'Fhoireann OLAF
Plean bainistíochta 2023 
Plean straitéiseach 2020-2024
Tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí 2021