Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
European Anti-Fraud Office
Calaois a thuairisciú
Preaseisiúint6 Meitheamh 2023An Oifig Eorpach Frith-ChalaoiseAm léitheoireachta: 7 nóiméad

Tuarascáil bhliantúil: Nochtaigh imscrúduithe OLAF gur tháinig níos mó ná EUR 600 milliún i gceist le calaois agus neamhrialtachtaí

A visual displaying OLAF report 2022 with a bridge and bubbles in the background

PREASEISIÚINT Uimh. 10/2023
PDF version

In 2022, chosain an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) EUR 600 milliún d’airgead cháiníocóirí an Aontais trína mholadh breis agus EUR 426 mhilliún a aisghabháil chuig buiséad an Aontais ó chalaois agus ó mhírialtachtaí, agus trí EUR 200 milliún breise a chosaint. Ina theannta sin, chuir OLAF stop le roinnt scéimeanna smuigleála, góchumtha agus calaoise custaim, chuidigh sé bearta cosanta trádála an Aontais a fhorfheidhmiú , agus lean sé de bheartais a cheapadh chun patrúin chalaoise a bhíonn ag athrú a chosc agus a chomhrac. Dála gach bliana, rinne OLAF imscrúdú freisin ar amhras faoi mhí‑iompar i measc baill foirne agus comhaltaí d’institiúidí an Aontais. Ar an iomlán, thug OLAF níos mó ná 250 cás i gcrích anuraidh.

I dTuarascáil OLAF 2022 a foilsíodh inniu, tugtar léargas ar na príomhthreochtaí agus na príomhoibríochtaí a bhí ann anuraidh, ón ngóchumadh agus an smuigleáil a chomhrac go cistí an Aontais a chosaint — an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ina measc — agus sásraí coiscthe calaoise chun cúnamh airgeadais an Aontais don Úcráin a chosaint. Den chéad uair riamh, cuirtear an tuarascáil i láthair i bhformáid fhíorúil idirghníomhach.

Chuir Ard‑Stiúrthóir OLAF, Ville Itälä, an méid seo a leanas i dtábhacht: ‘Tagann torthaí nithiúla as an eolas, an saineolas agus na hoibríochtaí atá bailithe ag OLAF — déanaimid buiséad an Aontais agus saoránaigh an Aontais araon a chosaint. Seo a leanas roinnt bheag samplaí d'fhairsinge thionchar OLAF: cosnaítear airgead cháiníocóirí an Aontais le haghaidh an bhonneagair agus an digitithe, gabhadh 531 mhilliún toitín arna dtrádáil go haindleathach, gníomhaíocht idirnáisiúnta i gcoinne mil thruaillmheasctha, agus aisghabhadh beagnach EUR 3 bhilliún chuig buiséad an Aontais ó chás gearrluachála custaim.

Is é an cosc an uirlis is éifeachtaí fós chun dul i ngleic leis an gcalaois. Maidir le cúnamh airgeadais agus infheistíochtaí an Aontais sna Ballstáit agus i dtríú tíortha, féachann OLAF lena chinntiú go gcaitear iad faoi mar atá beartaithe. Creidimid go láidir gur ríthábhachtach an rud é an comhar chun go n‑éireoidh linn agus in 2022 mhéadaigh OLAF an t‑idirphlé le húdaráis náisiúnta, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le comhpháirtithe an Aontais. Cumas OLAF gníomhaithe éagsúla a thabhairt i gceann a chéile agus an mórphictiúr a thabhairt, sin fós an tsaincháilíocht uathúil atá againn agus a chuireann luach leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise san Aontas Eorpach agus níos faide i gcéin.’

Feidhmíocht imscrúdaitheach OLAF in 2022:

  • Thug OLAF 256 imscrúdú i gcrích agus d’eisigh sé 275 mholadh do na húdaráis náisiúnta agus na húdaráis AE ábhartha.
  • Mhol OLAF EUR 426.8 milliún a aisghabháil chuig buiséad an Aontais, agus chinntigh sé nár caitheamh EUR 197.9 milliún go míchuí.
  • D’oscail OLAF 192 imscrúdú nua, i bhfianaise 1,017 anailís tosaigh a rinne saineolaithe OLAF.
  • Rinne OLAF 71 chás lena bhféadfaí cionta coiriúla a bheith i gceist a thuairisciú chuig Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), agus thuairiscigh sé 16 chás díobh thar ceann an Choimisiúin Eorpaigh.

Cistí an Aontais a chosaint

Ar an gcaoi chéanna le blianta roimhe seo, na himscrúduithe a rinne OLAF ar chaiteachas chistí an Aontais, bhain siad le líomhaintí maidir le claonpháirteachas, ionramháil nósanna imeachta soláthair, coinbhleachtaí leasa, agus sonraisc ró‑ard. Ina theannta sin, a bhuí le roinnt méaduithe a tháinig ar an gcalaois a rinneadh go digiteach, deimhníodh patrún a thug OLAF faoi deara le blianta beaga anuas. In 2022, bhunaigh OLAF sainghrúpa ad hoc a dhíríonn ar na huirlisí TF frithchalaoise le haghaidh Shaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an Aontais (RRF) agus thosaigh sé ar imscrúdú a dhéanamh ar chásanna ina bhféadfaí mí‑úsáid a bhaint as cistiú RRF.

Stop a chur le góchumadóirí agus smuigléirí daoine

Cuid lárnach d’oibríochtaí OLAF fós is ea an comhrac in aghaidh an ghóchumtha agus na smuigleála. In 2022, d’eagraigh OLAF roinnt oibríochtaí custaim comhpháirteacha agus gníomhaíochtaí oibríochtúla eile, nó sholáthair sé tacaíocht dóibh. Chuidigh na gníomhaíochtaí sin lena chinntiú gur gabhadh na milliúin earraí góchumtha agus contúirteacha sula bhféadfaí iad a úsáid. Seo a leanas roinnt samplaí: cógais leighis bhréagacha, bréagáin ghóchumtha agus bréagáin a d’fhéadfadh a bheith contúirteach, 531 mhilliún toitín arna dtrádáil go haindleathach agus 14.7 milliún lítear d’fhíon, beoir agus biotáille aindleathach.

Tacú leis an Úcráin agus na smachtbhannaí in aghaidh na Rúise a fhorfheidhmiú

Rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin in 2022. Tá comhar seanbhunaithe ag OLAF le húdaráis na hÚcráine i ndáil le caiteachas bhuiséad an Aontais (cosaint chistí an Aontais) agus an t‑ioncam araon (comhar custaim). Ó thús an chogaidh, tá cúnamh á thairiscint ag OLAF do ghníomhaireachtaí frithchalaoise na hÚcráine, chun cuidiú le neartú agus feabhsú struchtúir na tíre maidir le haghaidh a thabhairt ar an gcalaois agus an t‑éilliú agus chun maoiniú an Aontais atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a chosaint. Bhí ról tábhachtach ag OLAF freisin i ndáil le cur i gcoinne imchéimniú na smachtbhannaí arna bhforchur ag an Aontas ar an Rúis agus ar an mBealarúis tar éis an ionraidh ar an Úcráin, mar a mhínítear a thuilleadh i dtuarascáil OLAF 2022.

An mí‑iompar a chomhrac

Ba chás de bharraíocht é cás amháin d’iompar neamhrialta nó calaoiseach i measc bhaill foirne an Aontais nó comhaltaí d’institiúidí an Aontais. Tá saoránaigh an Aontais ag súil, ó cheart, leis na caighdeáin iompair is airde óna n‑institiúidí, comhaltaí agus baill foirne. Thug OLAF i gcrích anuraidh 38 n‑imscrúdú ar iompar calaoiseach nó neamhrialta ag baill foirne agus comhaltaí na n‑institiúidí AE. Áirithítear leis na cásanna sin go gcaitear airgead cháiníocóirí an Aontais go cuí agus, trí na caighdeáin iompair is airde a áirithiú, go gcabhraíonn siad le clú an Aontais ina iomláine a chosaint.

Tá tuarascáil 2022 OLAF le fáil ar shuíomh gréasáin OLAF, ina leagan iomlán idirghníomhach agus ina leagan gearr.

Misean, sainordú agus inniúlachtaí OLAF:
Is é misean OLAF calaois a bhaineann le cistí an Aontais a bhrath, a imscrúdú agus a stopadh.

Cuireann OLAF a mhisean i gcrích tríd na nithe seo a leanas:
•    imscrúduithe neamhspleácha a dhéanamh ar chalaois agus ar éillitheacht a bhaineann le cistí an Aontais, chun a chinntiú go gcaitear airgead uile cháiníocóirí an Aontais ar na tionscadail lenar féidir poist agus fás a chruthú san Eoraip;
•    rannchuidiú le muinín na saoránach as institiúidí an Aontais a neartú trí imscrúdú a dhéanamh ar mhí iompar tromchúiseach i measc bhaill foirne an Aontais agus comhaltaí d’institiúidí an Aontais;
•    beartas fónta frithchalaoise de chuid an Aontais a fhorbairt.

Leis an bhfeidhm neamhspleách imscrúdúcháin atá aige, is féidir le OLAF imscrúdú a dhéanamh ar chúrsaí a bhaineann le calaois, éillitheacht agus cionta eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais agus a bhaineann leis na nithe seo a leanas:
•    caiteachas uile an Aontais: is iad seo a leanas na príomhchatagóirí caiteachais: na Cistí Struchtúracha, an beartas talmhaíochta agus cistí forbartha
tuaithe, caiteachas díreach agus cabhair sheachtrach;
•    réimsí áirithe d’ioncam an Aontais, dleachtanna custaim den chuid is mó;
•    amhras faoi mhí iompar tromchúiseach i measc bhaill foirne an Aontais agus comhaltaí d’institiúidí an Aontais.

Nuair a bheidh imscrúdú OLAF curtha i gcrích aige, is faoi na húdaráis inniúla AE agus náisiúnta a bheidh sé scrúdú a dhéanamh ar mholtaí OLAF agus cinneadh a dhéanamh faoin obair leantach. Glacfar leis go bhfuil gach duine lena mbaineann neamhchiontach go dtí go gcruthófar i gcúirt dlí inniúil náisiúnta nó i gcúirt dlí inniúil de chuid an Aontais go bhfuil sé ciontach.

Tuilleadh sonraí:

Kirill GELMI
Urlabhraí
An Oifig Eorpach Frith Chalaoise (OLAF)
Fón: +32(0)2 29-88146  
Ríomhphost: olaf-mediaatec [dot] europa [dot] eu (olaf-media[at]ec[dot]europa[dot]eu)
https://anti-fraud.ec.europa.eu
Twitter: @EUAntiFraud

Theresa ZAHRA
Leas‑Urlabhraí
An Oifig Eorpach Frith Chalaoise (OLAF)
Fón: +32 (0)2 29-57270   
Ríomhphost: olaf-mediaatec [dot] europa [dot] eu (olaf-media[at]ec[dot]europa[dot]eu)
https://anti-fraud.ec.europa.eu
Twitter: @EUAntiFraud

Sonraí

Dáta foilsithe
6 Meitheamh 2023
Údar
An Oifig Eorpach Frith-Chalaoise
News type
  • OLAF press release