Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
European Anti-Fraud Office
Calaois a thuairisciú
Preaseisiúint8 Meitheamh 2022An Oifig Eorpach Frith-ChalaoiseAm léitheoireachta: 9 nóiméad

OLAF in 2021: Calaois a thabhairt chun solais agus a chosc

Cover page of the 2021 OLAF report

PREASEISIÚINT Uimh. 7/2022
PDF version

In 2021 mhol an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) go ndéanfaí os cionn leathbhilliún euro a aisghabháil chuig buiséad an Aontais. Agus iad ag obair chun lucht calaoise atá ag éirí níos solúbtha a bhrath agus a imscrúdú, agus chun cosc a chur ar chalaois i gcoinne na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, lean OLAF ar aghaidh de bheith ag cosaint buiséad an Aontais d'ainneoin na ndúshlán leanúnach a bhaineann leis an bpaindéim.

I dTuarascáil 2021 OLAF a foilsíodh inniu léirítear treochtaí calaoise atá ag teacht chun cinn ar raon leathan saincheisteanna, chomh maith le himscrúduithe agus oibríochtaí lena leagtar béim speisialta ar scéimeanna calaoise a dhéanann dochar don chomhshaol – ó thionscadal foraoisithe nár tharla riamh go píblíne le haghaidh uisce óil a thit isteach – chomh maith le calaoisí tábhachtacha i réimse an chustaim agus na smuigleála dramhaíola.

Ag trácht ar fhoilsiú thuarascáil bhliantúil OLAF le haghaidh 2021, dúirt Ard-Stiúrthóir OLAF, Ville Itälä: "Bhí torthaí imscrúdaithe den scoth ag OLAF arís anuraidh, agus é ag rannchuidiú le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí mholadh a dhéanamh breis agus leath-bhilliún euro a cailleadh i gcalaois agus i neamhrialtachtaí a aisghabháil. 

Is í an chosaint an uirlis is éifeachtaí atá againn, agus tá sin ag croílár obair OLAF agus institiúidí an Aontais. Sa bhreis ar na himscrúduithe a rinne sé, in 2021 rannchuidigh OLAF chun coimircí a fhorbairt i gcoinne cineálacha calaoise a d’fhéadfadh díriú ar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta , faoina ndéanfar níos mó ná €720 billiún a infheistiú chun aistriú glas agus digiteach na hEorpa a chinntiú. Níos minice ná mar a bhíodh, tá damáiste comhthaobhach á dhéanamh ag scéimeanna calaoise do shláinte agus sábháilteacht an duine, agus don chomhshaol. Mar a léirítear i dtuarascáil OLAF, baineann sin le hábhar níos mó ná riamh i bhfianaise an mhéadaithe ar mhaoiniú an Aontais atá sannta don aistriú glas.

Lean lucht calaoise orthu ag féachaint le buntáiste a bhreith as COVID-19 – ag tráth ina raibh súile an domhain dírithe ar scaipeadh na vacsaíní, thugamar chun solais iarrachtaí lucht calaoise camscéimeanna a dhéanamh agus iad ag iarradh dul i dteagmháil le húdaráis náisiúnta le tairiscintí bréagacha vacsaíní arbh fhiú os cionn €16 bhilliún iad.

Bliain thábhachtach do OLAF ab ea 2021 freisin toisc go rabhamar ag obair go dian chun faisnéis mhionsonraithe a ullmhú lena seoladh chuig Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE). Tá an obair bhraite sin tábhachtach do OIPE, a d’oscail 85 chás ar a laghad i ndiaidh faisnéis a fháil ó OLAF. Leis sin ar fad coinníodh foireann OLAF thar a bheith gnóthach. Tá mé bródúil as seirbhís OLAF do mhuintir na hEorpa.”

Feidhmíocht imscrúdaitheach OLAF in 2021:

  • Thug OLAF 212 imscrúdú chun críche agus eisíodh 294 mholadh do na húdaráis ábhartha náisiúnta agus údaráis de chuid an Aontais.
  • Mhol OLAF €527.4 milliún a aisghabháil chuig buiséad an Aontais.
  • D’oscail OLAF 234 imscrúdú nua, ag leanúint ó 1,110 píosa cumarsáide a fuair a chuid saineolaithe agus a ndearna siad anailís orthu.

Lean lucht calaoise ar aghaidh de bhuntáiste a bhreith as an bpaindéim agus d’éirigh siad níos sofaisticiúla agus níos solúbtha fós. Ar thaobh an chaiteachais, ba é an feiniméan ba mhó imní grúpaí coiriúla eagraithe a bheith ag ionsiothlú trí phatrúin de neamhrialtachtaí riaracháin, amhail maoiniú dúbailte, coinbhleachtaí leasa, ionramháil tairiscintí agus modhanna eile.

Lean OLAF d’imscrúdú a dhéanamh ar chásanna de mhí-iompar agus neamhchomhlíonadh na rialacha ag comhaltaí agus baill foirne institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, agus rannchuidigh sé ar an gcaoi sin leis na caighdeáin seirbhíse poiblí is airde a chur chun cinn san Aontas Eorpach.

Ó thaobh an ioncaim de, dhéileáil lucht calaoise leis an méadú ar na deacrachtaí a bhain le méideanna móra earraí a aistriú trí lastais earraí a bhriseadh suas i gcoinsíneachtaí níos lú. Baineadh úsáid as patrúin chasta de chuideachtaí caocha a bhí bunaithe in go leor dlínsí, lasmuigh den Aontas san áireamh, chun calaois tearcluachála agus tionscnaimh a chur i bhfolach. Tá scéimeanna nua calaoise tagtha chun cinn i dtaca le COVID-19, an t-aistriú glas agus bainistiú dramhaíola.

Calaois atá dírithe ar thionscadail ghlasa agus ar an digitiú

Rachaidh 37% ar a laghad d’airgead an Aontais faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta i dtreo aistriú glas an Aontais a éascú. In 2021, rinne OLAF cásanna a bhrath agus a imscrúdú lena léirítear an chaoi a ndíríonn lucht calaoise ar thionscadail ghlasa freisin, chomh maith le maoiniú ar son an digitithe, colún eile den mhaoiniú faoi NextGenerationEU. Úsáidtear na cásanna agus na pátrúin sin mar bhonn eolais le haghaidh anailísiú OLAF agus na himscrúduithe a dhéanfar amach anseo, rud a chabhróidh chun Saoráid Théarnaimh agus Athléimneachta an Aontais a chosaint sa todhchaí. I measc na samplaí i dtuarascáil 2021 OLAF tá cásanna ina ndearnadh calaois ar mhaoiniú le haghaidh thionscadail bogearraí, roghanna malartacha ar lotnaidicídí, foraoisí agus aerárthaí atá níos neamhdhíobhálaí don timpeallacht. Is féidir leis an smuigleáil thar theorainneacha tionchar diúltach a imirt ar uaillmhianta glasa na hEorpa freisin: mar a léirítear sa tuarascáil, bhí OLAF gníomhach i gcoinne gáinneáil dramhaíola, smuigleáil gáis cuisneáin aindleathacha agus lotnaidicídí aindleathacha.

Calaois a chosc agus airgead aisghabhála an Aontais a chosaint

Caillteanais ar an ioncam a chosc agus calaois sa chaiteachas a chosc, is iad sin na bealaí is éifeachtaí chun deimhin a dhéanamh de go gcaitear gach euro go maith. Le bliain anuas, lean OLAF de bheith ag díriú ar an gcosc freisin. I gceann de na cásanna a chuirtear i láthair i dtuarascáil 2021 OLAF léirítear an chaoi ar tháinig imscrúdaitheoirí OLAF ar mhí-úsáid fhéideartha a raibh €330 milliún i gceist leis – agus mhol siad stop a chur leis sula bhféadfadh sé tarlú. Bhí saineolaithe OLAF um chosc ar chalaois ag obair ar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta freisin in 2021. Rinne tascfhórsa tiomnaithe scagadh ar phleananna náisiúnta i gcomhair bearta leordhóthanacha chun calaois a chosc agus thuairiscigh sé go díreach do chomhghleacaithe sa Choimisiún Eorpach a bhí i gceannas ar Phleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta 27 mBallstát an Aontais a fhormheas.

Tairiscintí bréagacha vacsaíní i gcoinne COVID-19

I mí Feabhra 2021, d’eisigh OLAF rabhadh poiblí soiléir i gcoinne camscéimeanna féideartha a bhain le vacsaíní COVID-19. Bhí faisnéis á fáil ag OLAF ó fhoinsí rialtais sna Ballstáit faoi thairiscintí ó idirghabhálaithe líomhnaithe chun méideanna móra vacsaíní a dhíol, arbh vacsaíní den chineál a bhí formheasta lena n-úsáid san Aontas iad a fhormhór. Is é an aidhm a bhí ag an lucht calaoise – mar a chruthaigh OLAF – é a chur ina luí ar údaráis phoiblí éarlaisí móra a chur síos chun an díolachán a chinntiú, agus imeacht gan tásc gan tuairisc ina dhiaidh sin leis an airgead. Leis na iarrachtaí éagsúla go léir ar chamscéimeanna bhí beagnach 1.2 billiún dáileog de vacsaíní i gceist agus os cionn €16.4 billiún san iomlán a bhí sna praghsanna a iarradh. Chabhraigh idirghabháil OLAF chun na tairiscintí bréagacha sin a thabhairt chun solais, rud a chuir cosc ar chaillteanais ollmhóra do chistí poiblí agus a chosain scaipeadh na vacsaíní.

Smuigleáil tobac

Is táirgí tobac iad sciar mór de na hearraí góchumtha nó smuigleáilte a ndíríonn OLAF orthu gach bliain. Ní raibh aon athrú ar an scéal in 2021: chuir OLAF agus a chomhpháirtithe stop le 437 milliún toitín aindleathach dul isteach ar mhargadh an Aontais. San fhigiúr sin, tá 93 mhilliún toitín a smuigleáladh isteach san Aontas; 253 mhilliún toitín a gaibhníodh lasmuigh dá theorainneacha; agus 91 mhilliún toitín a táirgeadh go neamhdhleathach ag láithreacha ar fud an Aontais. Chabhraigh OLAF freisin le húdaráis náisiúnta 372 thona de thobac amh san iomlán a choigistiú. Meastar gur spáráil na bearta sin €90 milliún d’ioncam a bheadh caillte ar na Ballstáit.

Chun an tuarascáil iomlán a léamh cliceáil anseo

Misean, sainordú agus inniúlachtaí OLAF:
Is é misean OLAF calaois le cistí an Aontais a bhrath, a imscrúdú agus a stopadh.

Cuireann OLAF a mhisean i gcrích tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

- imscrúduithe neamhspleácha a dhéanamh ar chalaois agus ar éillitheacht a bhaineann le cistí an Aontais, chun a chinntiú go sroicheann airgead cháiníocóirí an Aontais na tionscadail lenar féidir poist agus fás a chruthú san Eoraip;
- rannchuidiú le muinín na saoránach in institiúidí an Aontais a neartú trí imscrúdú a dhéanamh ar mhí-iompar tromchúiseach a dhéanann baill foirne de chuid an Aontais agus comhaltaí d’institiúidí de chuid an Aontais;
- beartas fónta frithchalaoise de chuid an Aontais a fhorbairt.

Leis an bhfeidhm neamhspleách imscrúdaithe atá aige, is féidir le OLAF imscrúdú a dhéanamh ar chúrsaí a bhaineann le calaois, éillitheacht agus cionta eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais agus a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

- caiteachas uile an Aontais Eorpaigh: is iad na Cistí Struchtúracha, an beartas talmhaíochta agus cistí forbartha tuaithe, caiteachas díreach agus cabhair sheachtrach na príomhchatagóirí caiteachais;
- réimsí áirithe d’ioncam an Aontais, dleachtanna custaim den chuid is mó;
- amhras faoi mhí-iompar tromchúiseach ag baill foirne de chuid an Aontais agus comhaltaí d’institiúidí de chuid an Aontais.

Nuair atá a imscrúdú curtha i gcrích ag OLAF, is faoi na húdaráis inniúla AE agus náisiúnta atá sé scrúdú a dhéanamh ar mholtaí OLAF agus cinneadh a dhéanamh faoin obair leantach. Glactar leis go bhfuil gach duine lena mbaineann neamhchiontach go dtí go gcruthófar go bhfuil sé ciontach i gcúirt dlí inniúil náisiúnta nó de chuid an Aontais.

Tuilleadh sonraí:

Jana CAPPELLO
Urlabhraí
An Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) 
Fón: +32(0)2 29-85549
Ríomhphost: olaf-mediaatec [dot] europa [dot] eu (olaf-media[at]ec[dot]europa[dot]eu) 
http://ec.europa.eu/anti-fraud
Twitter: @EUAntiFraud

Eirini NIKOLAIDOU
Leas-Urlabhraí
An Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF)
Fón: +32(0)2 29-83128  
Ríomhphost: olaf-mediaatec [dot] europa [dot] eu (olaf-media[at]ec[dot]europa[dot]eu)
http://ec.europa.eu/anti-fraud
Twitter: @EUAntiFraud

Sonraí

Dáta foilsithe
8 Meitheamh 2022
Údar
An Oifig Eorpach Frith-Chalaoise
News type
  • OLAF press release